← "Ó,' arsa an coileach leis an gceaircín, "Tá sé ina chogadh dhearg!" 🔊
← "Tá sé chomh maith againn imeacht go tír eile mar sin", arsa an cheaircín. 🔊
← "Tá go maith, mar sin", arsa an coileach. 🔊
← "Tá sé chomh maith agamsa mar sin, a dhul in éineacht libh", arsa an ghé. 🔊
← "Déan sin", arsa an coileach, agus d'imgh siad leo gur casadh lacha orthu. 🔊
← "Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, i mbun mo ghiodán a buaileadh mé, agus dá mba cloch é, bheadh mé maraithe" arsa an coileach. 🔊
← "Déan sin", arsa an coileach, agus ar aghaidh leo nó gur casadh sionnach orthu. 🔊
← "Níl ann anois ach muid féin", arsa an sionnach. 🔊
← "Níl ár ndóthain ite againne go fóill", arsa an coileach, "ach téigh isteach go fóill beag thú féin, agus beidh muide isteach i do dhiaidh". 🔊